An leabhar a scríobh sé, an dóigh a thosaigh sé á scríobh agus an dóigh ar tháinig an leabhar le chéile dó - nuair a bhí sé thall in Albain. Bhí an scéal bunaithe ar chúpla teaghlach suite i réimse ama 100 – 150 bliain ó shin. Am crua a bhí ann ach daoine níos deise. Shíl sé gur sin am maith le scríobh faoi. Ghlac sé tamall air é a scríobh – nuair a bhí Michelle ar an ollscoil, chlóscríobh sí an leabhar dó. Scríofa sa chaighdeán a bhí aige ar an scoil cé go raibh an tseanGhaeilge aige féin fosta. Tá sí críochnaithe anois. | 00:06:24 | |